|
Scéal Sagairt Richard Peter BennettLaethanta Mo ÓigeBhí mé ar dhuine de ochtar clainne a rugadh in Éirinn. Bhí tús mo shaoil sona agus sásúil. Bhí mo athair ina choirnéal in arm na hÉireann nó gur scoir sé am a raibh mise thart ar naoi mbliana d’aois. Thaithnigh linn mar theaghlach a bheith ag súgradh, ag canadh nó ag aisteoireacht le chéile nuair a bhí muid sa champa míleata i mBaile Átha Cliath. Ba ghnáth theaghlach, Chaitiliceach Rómhánach, Éireannach muid. Uaireannta théadh mo athair ag guí ar a ghlúine go sollúnta le cois na leapan. Bhíodh mo mháthair ag caint le hÍosa agus í ag fuáil, ag níochán soithí nó fiú ag caitheamh toitín. Mórán gach oíche théadh muid ar a nglúine ag rá an Pháidrín Páirteach. Ní chaillfeadh aon duine an tAifreann Dé Domhnaigh mara mbeadh sé/sí go dona tinn. Bhí aithne agam ar Íosa mar phearsa faoin am a raibh mé cúig nó sé bliana d’aois ach ar ndóigh bhí an aithne céanna agam ar Mhuire agus na naoimh. Bheadh tuiscint mhaith agam ar dhaoine i dtíortha thraidisiúnta Chaitiliceacha eile san Eoraip agus de shliocht na Spáinne agus Fillipino a chuireann Íosa, Muire, Seosaimh agus naoimh eile ar aon leibhéal i meascán amháin creidimh. Cuireadh an teagasc críostaí go smior ionam agus mé ag freastal ar Scoil na nÍosánach i Belvedere, áit a bhfuair mé bun oideachas agus oideachas dara leibhéal. Ar nós gach buachaill eile a mhúin na hÍosánaigh, sul má shroich mé deich mbliana d’aois bhí mé in ann chúig údar a thabhairt a chruthaigh go raibh Dia ann agus gurb é an Pápa ceannaire an t-aon fíor eaglais. Ba ábhar tromchúiseach é anamnacha a fháil amach as Purgadóir. Ba mhinic ráite é “go mba naofa agus folláin an rud é guí ar son na marbh chun go bhfuasclófar iad ón bpeacaí.” cé nár thuig muid cén mhíniú a bhí le na focail sin. Bhí sé ráite linn gurb é an Pápa mar cheann ar an Eaglais an fear ba tábhachtaí ar domhan. Pé ar bith céard a dúirt sé ba shin é an dlí agus bhí na hÍosánaigh chun seasaimh suas dó i gcónaí. Cé gur i Laidin a bhíodh an tAifreann bhíodh mé ag iarraidh a bheith i láthair gach lá mar bhíodh an rúndiamhaireacht a bhain leis ag múscailt mo chuid spéise. Bhí sé ráite linn gurb é an bealach ba thábhachtaí é chun Dia a shású. Bhítí ag moladh dúinn guí chuig na naoimh agus bhíodh naoimh mar phátrúin againn i gcomhair gach gné den saol. Níor chleacht mé é sin ach amháin i gcás Naomh Antoine, pátrún rudaí a théann amú (mar bhinn ag cailleadh go leor rudaí ). Nuair a bhí mé ceithre bliana déag d’aois mhothaigh mé go raibh mé glaoite le bheith i mo mhiseanach. Mar sin féin níor chuir an glaoch seo aon athrú ar an gcaoi ar chaith mé mo shaol ag an am seo. Ba iad na blianta ó sé déag go dtí hocht déag na blianta ba shásúla agus ba thaithnmhí a d’fhéadfadh a bheith ag ógánach. D’éirigh go maith liom ag an am seo ón taobh acadúil agus ó thaobh lúthchleasa de. Chaithfinn mo mháthair a thiomáint chuig an ospidéal go minic i gcomhair cóir leighis. In fhad is bhí mé ag fanacht léí uair tháinig mé trasna ar na véarsaí seo, tógtha as Marcas 10 :29-30 – ‘Dúirt Íosa “Deirim libh i bhfírinne nach bhfuil duine dár thréig a theach nó a dheartháireacha nó a dheirfiúracha, nó a mháthair nó a athair nó a chlann nó a thailte, ar mhaithe liomsa agus an soiscéal, nach bhfaighidh an toradh céadach anois san am i láthair, tithe agus deartháireacha agus dheirfiúracha agus máithreacha agus clann agus tailte, agus géarleanúint leo, agus an bheatha shíoraí san aois atá le teacht.” Ós rud é nach raibh aon tuiscint agam ag an am ar céard ba bhrí le fíor shlánú shocraigh mé go raibh glaoch cinnte agam le bheith i mo mhiseanach. Iarracht Slánú a ShaothrúD’fhág mé mo mhuintir agus mo chairde i 1956 agus chuaigh mé isteach san Ord Doiminiceach. Chaith mé ocht mbliana ansin ag foghlaim le bheith i mo mhanach, ag foghlaim faoi thraidisiúin na heaglaise, faoin fhealsúnacht, faoi Dhiagacht Thomáis Aquinas agus cuid den Bhíobla…. ó dhearcadh na hEaglaise Caitilicí de. Pé ar bith creideamh pearsanta a bhí agam bhí sé tarraingte isteach i nósmhaireacht agus i ndeasgnátha chórais reiligiúnda na nDoiminiceach. Bhí umhlaíocht den dlí, dlí na hEaglaise agus dlí na nDoiminiceach curtha ós mo chomhair mar an tslí chun na naofachta. Is minic a labhair mé le Ambrose Duffy, fear a bhí mar Mháistir Dáltaí, i dtaobh an dlí a bheith mar bhealach chun na naofachta. Chomh maith le fáil naofa bhí mé ag iarraidh freisin a bheith cinnte faoi slánú síoraí. Chuir mé de ghlan mheabhair cuid de theagasc an Phápa Pius xii in ar dhúirt sé “…tá slánú cuid mhaith daoine ag brath ar urnaí agus íobairtí rúndiamhara cholainn Chríost, a ofráiltear ar son an rúin sin.” Is é an smaoineadh seo, slánú a bhaint amach trí fhulaingt agus trí ghuí, an teachtaireacht bhunúsach chéanna ó Fatima agus Lourdes: dá bhrí sin bhí sé ar intinn agam mo shlánú féin chomh maith le slánú daoine eile a bhaint amach trí fhulaingt agus trí urnaí. Is iomaí gníomh deacair a rinne mé san mainistir i dTamhlacht i mBaile Átha Cliath chun anamnacha a ghnóthú, ar nós folcadh fuar i lár an gheimhridh agus do mo bhualadh féin sa droim le slabhra beag cruach. Bhí a fhios ag an Máistir Dáltaí céard a bhí ar bun agam, bhí a shaol dian féin mar chuid den inspioráid a fuair mé ó fhocla an Phápa. Le géire agus diongmháilteacht, rinne mé staidéar, urnaí agus aithrí, rinne mé iarracht na Deich nAitheanta a choinneáil chomh maith le líon mór rialacha agus traidisiúin na nDoiminiceach. Solúnta Lasmuigh ----Folamh LaistighSa bhliain 1963, nuair a bhí mé cúig bliana fichead d’aois, oirníodh mé mar shagart Chaitiliceach Rómhánach agus chuaigh mé chuig Ollscoil Angelicum sa Róimh chun mo chúrsa staidéir ar Thomas Aquinas a chríochnú. Bhí deacrachtaí agam anseo leis an gcuma sholúnta lasmuigh ach an folúntas laistigh. Bhí pictiúr im intinn agam thar na blianta, le cabhair ó phictiúir agus leabhair ar an gCathaoir Naofa agus ar an gCathair Naofa. An bhféadfadh sé gurb í seo an chathair céanna? Freisin chuir sé an-íonadh orm go raibh na céadta micléinn ag freastal ar Ollscoil Angelicum. Thug mé faoi deara go mbíodh irisleabhair Time agus Newsweek á léamh le linn ranga. Fiú amháin iad siúd a raibh suim acu san ábhar ba chun céim a bhaint amach é nó chun post maith a fháil san Eaglais Chaitiliceach ina dtír dhúchais. Chuaigh mé ag siúlóid lá amhain san Colosseum le go bhfágfainn lorg mo chos ar an talamh céanna inar dórtadh fuil an oiread sin Críostaithe. Shiúil mé liom go dtí an aireana san forum. Rinne mé iarracht pictiúr a shamhlú de na fir agus na mná a raibh aithne chomh maith acu ar Chríost go raibh siad lán tsásta aghaidh a thabhairt ar bhás chruálach an dó nó a bheith ite beo beithíoch ag ainmhithe fiáine de bharr a ghrá clóite. D’imigh cuid den ghliondar a bhain leis an ócáid seo mar sin féin mar nuair a chuaigh mé ar ais ar an mbus, thug dream ógánach masla dhom agus iad ag glaoch focla tarcaisniúla orm a mhínigh “cosamar nó dramhaíl.” Thuig me nárbh é an t-údar a bhí acu le seo gur sheas mé ar son Chríost mar a rinne na chéad Chríostaithe ach go bhfaca siad an córas Caitiliceach Rómhánach ionam. Chuir me an chontrárthacht seo as m’intinn gan mórán achair ach san am céanna cheap mé nár mhórán ab fhiú anois an méid a bhí cloistithe agam faoi ghlóir na Róimhe an lae inniu. Oíche amháin go gairid ina dhiaidh sin chaith mé dhá uair an chloig ag guí ós comhair an phríomh altóir i séipéal San Clemente. Shocraigh mé agus mé ag smaoineadh ar an nglaoch a fuair mé le bheith i mo mhiseanach agus an gealltanas faoi chéad as Marcas 10: 29-30, an chéim diagachta i ndiagacht Thomáis Aquinas a raibh sé ar mo intinn agam a fháil ó thús báire, gan í a thóigeáil anois. Ba cinneadh mór é sin ach tar éis guí fada a dhéanamh bhí mé sásta go ndearna mé an cinneadh ceart. Ní raibh an sagart a bhí i mo threorú i gcomhair an tráchtais sásta glacadh le mo chinneadh. Chun mo chéim a dhéanamh níos éasca thairig sé tráchtas dom a bhí scríofa cúpla bliain roimhe sin. Dúirt sé go bhféadfainn ligean orm gur liom féin é an fhad‘s bheinn sásta an chosaint béil a dhéanamh. Chuir se sin alltacht orm. Ba ghearr le rud é a chonaic mé níos luaithe i gceann de pháirceanna na cathrach – striapacha galánta ina gcuid buataisí dubha leathair. Bhí an rud a bhí sé a thairiscint chomh peacúil céanna. Sheas mé le mo chinneadh agus chríochnaigh mé ag an ngnáth leibhéal san ollscoil gan an chéim. Nuair a tháinig mé arais ón Róimh fuair mé scéala oifigiúil go raibh áit curtha in áirithe dhom chun freastal ar chúrsa trí bliana i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Bhí mé ag guí go dúthrachtach i dtaobh mo ghlaoch misineanach. Chuir sé ionadh orm nuair a fuair mé ordú i Mí Lúnasa, 1964 dul go Trinidad sna hIndiacha Thiar mar mhiseanach. Uabhar, Titim agus Cíocras as an NuaTháinig mé go Trinidad ar an gcéad lá de Mhí Deire Fómhair 1964, agus d’éirigh go maith liom ó shúile an Chaitiliceach Rómhánach de ar feadh seacht mbliana, ag comhlíonadh mo dhualgais mar shagart agus ag tarraingt daoine go leor chun Aifrinn. Bhí páirt mhór agam sa nGluaiseacht Charismaiteach Chaitiliceach faoin mbliain 1972. Ansin ghlac mé buíochas leis an Tiarna go raibh mé i mo shagart chomh maith agus d’iarr mé Air más é A thoil é mé a dhéanamh tuilleadh umhall ionas go mbeadh mé níos fearr arís. D’iarr mé é seo le linn cruinnithe i gcomhair urnaí ar an 16 Márta 1972. An tráthnóna céanna sin scoilt mé mo chloigeann agus ghortaigh mé mo chnámh droma i go leor áiteacha de bharr timpist aisteach a bhí agam. Tá mé ag ceapadh marach go ndeachaigh mé chomh gar sin don bhás go mbeadh mé fós breá sásta liom féin sa staid céanna a raibh mé ann ag an am sin. Bhí se le feiceáil agam anois agus mé ag glaoch ar Dhia faoi phian, a laghad brí a bhí le paidreacha réamhshocraithe. Thosaigh mé ag fáil roinnt soláis ó ghuí dhíreach phearsanta, tríd an fhulaingt go léir sna seachtainí seo tar éis na timpiste. D’éirigh mé as a bheith ag rá an Phortús (urnaí oifigiúil na hEaglaise Caitilicí Rómhánaí don chláir) agus an Páidrín Páirteach agus thosaigh mé ag baint úsáid as páirteanna den Bhíobla i mo chuid urnaí.. Ba phróiséis an-mhall a bhí anseo. Ní raibh a fhios agam mo bhealach tríd an mBíobla agus ba lú an iontaobh a bhí agam as ná a mhalairt de bharr an beagán a d’fhoghlaim mé thar na blianta. Ní mba aon chabhair dom mo chuid traenála i ndiagacht Thomas Aquinas nó i bhfealsúnacht agus ba ghearr le dul isteach i gcoill dhorcha gan mapa dul isteach sa mBíobla ag tóraíocht an Tiarna. Fuair mé amach nuair a athraíodh go dtí paróiste nua mé níos deireanaí an bhliain sin go mbeadh mé ag obair in éineacht le sagart Doiminiceach a bhí mar a bheadh deartháir agam le na blianta. Bhí muid le beith ag obair in éineacht i bparóiste Pointe-A-Pierre ar feadh dhá bhliain, agus bhí muid ag tóraíocht Dé chomh maith agus a d’fhéad muid é leis an eolas a bhí againn. Bhíodh muid ag guí, ag staidéar, ag léamh agus ag cur i bhfeidhm an méid a d’fhoghlaim muid trí theagasc na heaglaise. Chuir muid borradh faoi phobail i mbailte Gasparillo, Claxton Bay agus Marabella gan trácht ar bhailte eile a bhí níos lú. Ó thaobh an reiligiún Chaitilicí de bhí ag éirí thar cionn linn. Bhí a lán daoine ag freastal ar Aifreann. Bhíodh an Teagasc Críostaí á mhúineadh i scoileanna go leor, scoileanna Rialtais ina measc. Lean mé le mo chuardach pearsanta sa mBíobla ach ní raibh mórán tionchair aige ar an obair a bhí muid a dhéanamh; go deimhin thaispeáin sé a laghad eolais a bhí agam ar an Tiarna agus ar A fhocal. Ba ag an am seo a tháinig sliocht 3:16 as Filipéigh mar mheoin mo chroí, “Níl uaim anois ach aithne a chur ar Chríost agus ar éifeacht a aiséirí…” Bhí an Ghluaiseacht Charismatic Chaitiliceach ag dul i neart ag an am seo agus thug muid isteach é sa gcuid is mó de na bailte fearainn. Mar gheall ar an ngluaiseacht seo tháinig roinnt Críostaithe as Canada chun a gcuid féin a roinnt linn. D’fhoghlaim mé go leor óna gcuid teachtaireachtaí go mór-mór i dtaobh guí ar son leighis. Bhí sé le feiceáil óna raibh le rá acu go raibh go leor dó bunaithe ar chleachtadh ach ba mhór an beannacht é sa méid is gur tharraing sé isteach níos doimhne sa mBíobla mé mar fhoinse údarásach. Thosaigh mé ag cur scriptiúir i gcomparáid le chéile agus fiú ag lua caibidil agus véarsa! Bhi sliocht 53:5 as Isaiah “…agus trína fhearbacha tháinig cneasú orainn.” ar chuid den téacs a d’úsáid na Ceanadaigh. Nuair a rinne mé staidéar ar Isaiah 53 fuair me amach gur trí mhodh ionadaíochta a théann an Bíobla i ngleic leis an bpeaca. Fuair Críost bás i mo áit. Bhí sé mícheart agam a bheith ag ceapadh go bhféadfainn comhoibriú in iocaíocht an pheaca nó go bhféadfainn é a dheifriú. Deir Rómhánaigh 11:6 “Agus más trí ghrásta a toghadh iad ní trí oibreacha é, mar dá mba ea níor ghrásta an grásta a thuilleadh.” “ Sinn uile, amhail caoirigh, bhí muid ar seachrán, gach aon ag dul a bhealach féin. Agus d’aifir an Tiarna airsean ár gcionta go léir” (Isaiah 53:6). Ba pheaca amháin a bhain liomsa go h-áirithe na go mbíodh daoine ag cur isteach orm, agus fiú go mbíodh fearg orm leo. Cé gur iarr mé maithiúnas ar mo pheacaí, níor thuig mé fós go raibh me i mo pheacach de bharr an nádúir a tháinig anuas chugainn uile ó Ádhamh. Is í an fhírinne scriptiúráil ná “Mar atá scríofa: Níl oiread agus aon fhírean amháin fágtha…” (Rómh. 3:10) agus “…mar tá an peaca déanta acu uile agus iad uile in uireasa ghlóire Dé.” (Rómh 3:23). Ba é teagasc na hEaglaise Caitilicí, áfach, go raibh truaillíocht an duine ar a dtugtaí “peaca an tsinsir” glanta ag baiste an pháiste. Ba shin é an tuiscint a bhí i mo intinn fós cé go raibh a fhios agam i mo chroí nach raibh mo nádúr truaillithe faoi smacht ag Críost fós. Bhíodh an sliocht seo, “Níl uaim anois ach aithne a chur ar Chríost agus ar éifeacht a aiséirí…” (Fil. 3:10) i gcónaí i mo chroí. Bhí a fhios agam gur trína chumhacht amháin a bheinn in ann saol Críostaí a chaitheamh. Ghreamaigh mé an téacs seo do phainéal an chairr agus in áiteacha eile. Ba í an achainí sin a spreag mé agus thosaigh an Tiarna atá dílis ag tabhairt freagra. An Cheist DheireannachFuair mé amach go raibh Focal Dé sa mBíobla dearfach gan earráid, cé go mbíodh sé múinte dhom go raibh an Bíobla coibhneasta agus go mba cheart fírinneacht Fhocal Dé i réimsí go leor a cheistniú. Bhí sé le tuiscint agam anois go bhféadfadh muinín a bheith ag duine as an mBíobla. Thosaigh mé ag déanamh staidéar ar an mBíobla le cabhair ó Chomhchordacht Strong le fáil amach céard a bhí le rá aige faoi féin. Fuair mé amach go ndeireann an Bíobla go soiléir gur ó Dhia é agus go bhfuil sé lán dáiríre sa méid a deireann sé. Tá sé fírinneach i dtaobh staire, i dtaobh gealltanais Dé, i dtaobh fáithscéalta, i dtaobh na n-ordaithe morálta a thugann sé agus i dtaobh a ndeireann sé faoin mbealach chun saol Críostaí a chaitheamh. “Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhréagnú, chun daoine a cheartú agus iad a mhúineadh chun fíréantachta ar shlí go mbeadh óglach Dé lánoilte ar a cheird agus ullamh i gcomhair gach cineál dea-oibre” (2 Tim. 3:12). Fuair mé é seo amach le linn cuairte ar Vancouver, B.C. agus ar Seattle. Ba é údarás iomlán Fhocal Dé, a thóig mé mar ábhar nuair a iarradh orm labhairt le grúpa urnaí i Séipéal Caitiliceach Naomh Stiofáin. Ba é an chéad uair é ar thuig mé an fhírinne seo nó ar labhair mé fúithi. Tháinig mé arais go Vancouver, B.C. agus thug mé an teachtaireacht céanna ansin i séipéal mór ós comhair 400 duine. Leis an mBíobla i mo láimh agam, d’fhógair mé “gurb é an Bíobla, Focal Dé féin, an t-údarás iomlán agus an t-údarás deireannach i ngach ábhar, morálta agus creidimh”. Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoidh James Carney, a bhí mar Ardeaspag i Vancouver ag an am orm chuig a oifig. Cuireadh cosc oifigiúil i bhfeidhm orm agus ní raibh cead agam seanmóireachta ina ard dheoise. Dúradh liom go mbeadh an pionós níos troime marach an litir mholta a fuair mé ó mo ardeaspag féin, Anthony Pantin. Go gairid ina dhiaidh sin d’fhill mé ar Trinidad. Aincheist Eaglaise- BioblaNuair a bhí mé mar shagart paróiste i Point- a- Pierre , iarradh ar Ambrose Duffy cabhrú liom. Ba é seo an fear sin a bhí chomh géar sin mar mhúinteoir agam le linn dom a bheith mar Mhúinteoir Dáltaí. Bhí an taoide casta. Bhí roinnt deacrachtaí ar dtús againn ach is gearr go raibh muid ina gcairde maithe. Roinn mé leis an méid a bhí mé a fháil amach. D’éist sé liom agus thaispeáin sé an-suim agus bhí sé ag iarraidh a fháil amach céard a bhí i mo spreagadh. Chonaic mé é mar bhealach chun teagmháil le mo bhráithre Doiminiceach agus fiú leo siúd i dteach an Ardeaspaig. Nuair a fuair sé bás go toibeann de bharr taom croí bhí mé go dubhbhrónach. Imo intinn chonaic mé Ambrose mar dhuine a bhainfeadh tuiscint as an aincheist Eaglaise-Bíobla seo a raibh an oiread deacracht agamsa léí. Bhí súil agam go mbeadh sé in ann na fírinní a raibh mé ag streachailt leo a mhíniú dom féin agus do mo bhráithre. Thug mé an tseanmóir ag a shochraid agus bhí mé go domhain in éadóchas. Lean mé ag guí paidir Filipí 3:10 “ Níl uaim anois ach aithne a chur ar Chríost agus ar éifeacht a aiséirí ”. Ach ionas go mbeinn in ann eolas níos fearr a chur Air, chaithfinn eolas níos fearr a chur orm féin ar dtús mar pheacach. Bhí sé le feiceáil agam ón mBíobla (1 Tim. 2:5) go raibh an ról a bhí agam i mo shagart mar idirghabhálaí – teagasc na hEaglaise Caitilicí ach malairt dhíreach theagaisc an Bhíobla – go raibh sé mícheart. Bhíodh sásamh á bhaint agam as go mbíodh daoine ag breathnú suas chugam agus ar bhealach go raibh siad ag déanamh dia beag dom. Dúirt mé liom féin i dtaobh an pheaca seo , más é seo a bhí an eaglais is mó sa domhan a theagasc cén fáth a mbeadh mo leithid se á cheistiú? Mar sin féin bhí an choimhlint intinne ag cur as dom. Bhí mé ag feiceáil gur pheaca é a bheith ag adhradh Mhuire, na naoimh agus na sagairt. Ach cé go raibh mé sásta droim láimhe a thabhairt do Mhuire agus na naoimh mar idirghabhálaí, ní fhéafainn droim láimhe a thabhairt don tsagartóireacht – bhí mo shaol iomlán curtha isteach agam ann. Blianta an Tarraingt TéideNí raibh i Muire, na naoimh agus sa sagartóireacht ach cuid bheag den stracadh mór a raibh mé i ngleic leis. Cé a bhí mar Thiarna i mo shaol, Íosa Críost sa mBíobla nó an Eaglais Rómhánach? Bhí mé curtha trína chéile ag an gceist dheireanach seo go mór mór sna sé bliana deire a chaith mé mar shagart paróiste i Sangre Grande (1979-1985). Bhí sé curtha go daingean i mo intinn ó bhí mé sé bliana d’aois go raibh an Eaglais Chaitiliceach ardcheannasach i ngach ábhar, ó thaobh móráltacht agus creidimh dó. Bhreathnaigh sé nárbh fhéidir é sin a athrú. Ní amháin go raibh an Róimh go h-ardcheannasach ach thugtaí an t-ainm “Máthair Naofa” uirthi. Cén chaoi a bhféadfainn dul in aghaidh an “Mháthair Naofa” – bhí sé níos deacra arís ó tharla go raibh ról oifigiúil agam ag tabhairt amach a cuid saicriméidí agus ag coinneáil daoine dílis di…? Go deimhin sa mbliain 1981 chuir me fúm athnuachan a dhéanamh ar mo sheirbhíseacht don Eaglais Chaitiliceach Rómhánach le linn dom a bheith ag freastal ar sheiminear athnuachan paróiste i New Orleans. Mar sin féin nuair a chuaigh mé arais go Trinidad d’fhill mé ar údarás Fhocal Dé agus mé ag plé le fadhbanna an tsaoil. Faoi dheire bhí an teannas mar a bheadh tarraingt téide istigh ionam. Uaireannta bhínn ag breathnú ar an Eaglais Rómhánach mar an t-údarás deireannach, uaireanta eile ar an mBíobla. Bhí mo bholg ag cur as go leor dom na blianta sin; bhí mo mhothúcháin réabtha. Ba cheart go mbeadh a fhios agam céard é an fhírinne shimplí, nárbh fhéidir le duine freastal ar dhá mháistir. Bhí sé mar dhualgas orm mar shagart údarás lán chumhachtach Fhocail Dé a chur faoi údarás ard cheannasach na hEaglaise Rómhánaí. Bhí an bhréagnú seo le feiceáil ar an leagan amach a bhí ar na deilbh i Séipéal Sangre Grande. Thóig mé amach agus bhris mé suas deilbh Naomh Proinsias agus Naomh Máirtín mar deireann an dara h-aithne i ndlí Dé , Exodus 20:4 “ Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huisce atá faoin talamh”. Ach nuair a rinne daoine gearán faoi go raibh mé le deilbh an Chroí Naofa agus Mhuire a thóigeáil anuas d’fhág mé ann iad mar gur rialaigh an Eaglais Chaitiliceach Rómhánach ina dlí, Canon 1188: “ Coinneofar i bhfeidhm an gnás íomháí a bheith ar taispeáint i séipéil chun go dtabharfaidh daoine urraim dóibh” Ní raibh mé ag feiceáil go raibh mé ag cur Fhocal Dé faoi údarás fhocal duine. Mo Locht FéinCé go raibh sé foghlamtha agam cheana gurb é Focal Dé an focal deire fós bhíodh mé ag dul tríd an gcéasadh seo ag glacadh leis go mbeadh níos mó údaráis ag an Eaglais Chaitiliceach Rómhánach ná ag Focal Dé i gceisteanna ina mbíodh an Eaglais Chaitilceach ag rá a mhalairt ar fad don Bhíobla. Cén chaoi a bhféadfadh sé seo a bheith? Ar dtús, ba orm féin a bhí an locht. Dá mbeadh glactha agam le húdarás an Bhíobla mar an t-údarás cheannasach chuirfeadh Focal Dé i gcion orm mo ról sagairt mar idirghabhálaí a thabhairt suas, ach bhí sé sin ró-ghar do mo chroí. Rud eile níor cheistnigh aon duine riamh céard a bhí mé a dhéanamh mar shagart. Thagadh Críostaithe thar sáile chuig an Aifreann, d’fheicidís an t-ola bheannaithe, an t-uisce coisricthe, na boinn, na deilbh, éide sagairt agus na deasgnátha ach ní dheiridís aon rud! Bhí an stíl iontach, an samhaltas, an ceol agus an blas ealaíne a bhain leis an Eaglais Chaitiliceach an-tarraingteach. Ní amháin go bhfuil boladh géar ar an túis ach tá rúndiamhaireacht ag baint léí ó thaobh na h-intinne di. An Cor CinnúnaLá amháin thug bean dúshlán dom (an t-aon Chríostaí a thug dúshlán dom sna 22 bliain a bhí mé i mo shagart), “Tá cineál diagacht agaibhse mar Chaitilicigh Rómhánaigh ach diúltaíonn sibh dá chumhacht “ adeir sí. Chuir na focail sin isteach orm go ceann píosa maith mar bhí cion agam ar na soilse, na bratacha, an ceol tíre, na giotáir agus na drumaí. Ní cheapfainn go raibh bratacha ná éide níos dathúla ag aon tsagart ar oileán Trinidad ná mar a bhí agamsa. Bhí sé soiléir nár ghlac mé le na focail sin i leith a raibh ós comhair mo shúil Faoi Mhí Deire Fómhair, 1985, bhí grásta Dé níos treise ná an saol bréagach a bhí mé a chaitheamh. Chuaigh mé go Barbados le guí i dtaobh an chomhghéilleadh seo i mo shaol. Bhí mé i ngaiste ceart. Go deimhin is é Focal Dé an focal deire. Chaithfinn a bheith umhal dó amháin; ach rinne mé móid dílseachta ós comhair an Dé céanna do údarás ardcheannasach an Eaglais Chaitiliceach. Nuair a bhí mé i Barbados léigh mé leabhar a thug míniú ar an eaglais ó thaobh an Bhiobla de mar “mhuintearas na gcreidmhigh”. Níl aon chaint ar chliarlathas sa Tiomna Nua; níl aon chaint go deimhin go mbeadh tiarnas ag “Cléir” ar “Tuataí”. Go deimhin deireann an Tiarna féin i Mat.23:8 “Ach ná bíodh ‘raibi’ á thabhairt oraibhse; óir níl ach an t-aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibhse uile.” Anois nuair a chonaic mé agus gur thuig mé gur “muintearas” an mhíniú a bhí le eaglais bhí mé in ann ligean leis an Eaglais Chaitiliceach Rómhánach mar an t-údarás ardcheannasach agus a bheith i dtuilleamaí Íosa Críost mar Thiarna. Thosaigh sé ag teacht i gcion orm ó théarmaí an Bhíobla nár chreidmhigh Bíobalta iad na hEaspaig a raibh aithne agam orthu san Eaglais Chaitiliceach. Ba fhir chráifeacha iad den chuid is mó, tugtha do dheamhóid do Mhuire agus don Pháidrín agus dílis don Róimh, ach ní raibh tuairim ag aon duine acu do obair chríochnaithe an tslánaithe, go bhfuil obair Chríost déanta, go bhfuil slánú pearsanta agus go bhfuil sé críochnaithe. Bhí siad go léir ag teagasc aithrí don pheaca, fulaingt daonna, gníomhartha reiligiúnda, “bealach an duine” in áit soiscéal an ghrásta. Trí ghrásta Dé chonaic mé nárbh tríd an Eaglais Rómhánach ná trí aon chineál oibreacha a shlánófaí an duine, “Mar is le le grásta a slánaíodh sibh, trí chreideamh. Ní uaibh féin é; is tabhartas ó Dhia é. Agus ní de bharr oibreacha i dtreo nach bhfuil cúis mhaite ag duine ar bith” (EIF 28-9). Breith Nua in Aois a 48Nuair a bhí sé le feiceáil agam nárbh fhéidir liom saol in Íosa Críost a bheith agam agus fós a bheith dílis don teagasc Chaitiliceach Rómhánach d’fhág mé an Eaglais Chaitiliceach Rómhánach. D’fhág mé Trinidad i Mí na Samhna 1985 agus chuaigh mé go Barbados. In fhad’s bhí mé ag fanacht le sean chúpla ansin, rinne mé guí chun Dé ag iarraidh culaith éadaigh agus an t-airgead a theastódh le dhul go Ceanada mar ní raibh agam ach éadach i gcomhair na teo chreasa agus cúpla céad dollar. Ní raibh a fhios ag aon duine faoi mo ghuí ach d’éist an Tiarna le mo achainí. D’ fhág mé teas na teo chreasa le teocht ag 90 céim F. i mo dhiaidh agus thuirling mé sa sioc agus sa sneachta i gCeanada. Ansin tar éis mí a chaitheamh i Vancouver tháinig mé go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí muinín agam go mbreathnódh Eisean i ndiaidh mo chuid riachtanaisí mar bhí mé ag tosú an tshaoil arís in aois a 48, gan pingin ná leithphingin, gan cárta cónaitheach eachtrannach, gan ceadúnas tiomána, gan teistiméireacht do aon chineál, gan agam ach an Tiarna agus A Fhocal. Chaith mé sé mhí in éineacht le lánúin Chríostaí ar fheirm i Stát Washington. Mhínigh mé dhóibh gur fhág mé an Eaglais Chaitiliceach Rómhánach agus gur ghlac mé le hÍosa Críost agus A Fhocal agus go mba leor é sin. Dúirt mé leo go ndearna mé an cinneadh seo “ go dearfach, go cinntitheach, go críochnaitheach agus go diongbháilte”. Ach in ionad dea thuairim a bheith acu dom as ucht na ceithre dobhriathar sin bhí siad ag iarraidh a fháil amach an raibh aon ghortú ná searbhas ag cur as dom. Le h-urnaí agus le fíor thrua rinne siad fóirithint orm mar bhí an t-athrú céanna déanta acu féin agus bhí a fhios acu go bhféadfadh searbhas a bheith ag baint leis. Cé nach raibh sé ach ceithre lá ó tháinig mé chuig a dteach bhí toradh an tslánaithe le feiceáil agam trí aithrí. Ní amháin gur mhínigh sé seo párdún a iarraidh ar an Tiarna de bharr na mblianta a chaith mé ag comhghéilleadh ach freisin glacadh len A chneasú san áit a raibh mé gortaithe. Sa deire thiar thall agus mé 48 bliain d’aois ar údarás Fhocal Dé amháin, trí ghrásta amháin ghlac mé le ionadaíocht bhás Chríost ar an gcrois. Is Dósan amháin atá an ghlóir ag dul. Nuair a bhí mé glanta amach agus athchóirithe go fisiciúil agus go spioradálta chuir an Tiarna mo chéile, Lynn, ar fáil dom. Ba bhean í a bhí athbheirthe i gcreideamh, bean a bhí álainn i mbéasa agus a bhí éirimiúil ina h-intinn. In éineacht thug muid aghaidh ar Atlanta, Georgia áit a bhfuair muid beirt jabanna. Miseanach Dáiríre le Teachtaireacht DáiríreD’fhág muid Atlanta i Mí Meán Fhómhair 1988 le dul go dtí an Áis mar mhiseanaí . Ba bhliain an-torthúil sa Tiarna a bhí inti rud a cheap mé roimhe seo nach bhféadfadh a bheith. Chuir fir agus mná eolas ar údarás an Bhíobla agus ar chumhacht bháis agus aiséirí Chríost. Chuir sé ionadh orm cé chomh h-éifeachtach a bhíonn grásta an Tiarna nuair a úsáidtear an Bíobla amháin chun Íosa Críost a chur i láthair. Bhí sé seo i gcodarsnacht le téada damháin alla thraidisiún na heaglaise, rud a choinnigh mo shaol mar mhiseanach i Trinidad i ndorchadas ar feadh bliain is fiche- bliain is fiche d’easpa an fíor theachtaireacht nó an teachtaireacht dáiríre. Ní fhéadfá focla níos fearr a úsáid chun cur síos ar an saol faoin ar labhair Íosa agus a raibh mé ag baint taithneamh as anois seachas na focla seo as Rómh. 8;1-2 “ Níl aon daorbhreith anois, mar sin, ar an muintir atá in Íosa Críost, mar tá dlí Spiorad na beatha in Íosa Críost tar éis tú a fhuascailt ó dhlí an pheaca agus an bháis”. Ní amháin go raibh mé saortha ón gcóras Caitiliceach Rómhánach, ach bhí mé i mo chréatúr nua i gCríost. Is trí ghrásta Dé amháin agus ní trí aon rud eile ach a ghrásta, go bhfuil mé tagtha ó oibreacha marbh go dtí saol nua. Teistiméireacht do Shoiscéal an GhrástaBa mhór an trua nuair a d’inis roinnt Críostaithe dom i 1972 faoin mbealach a leigheasann an Tiarna ár gcolainn nar mhínigh siad dom ar cén t-údarás a gcuirtear ár nádúr peacúil ceart le Dia. Taispeáineann an Bíobla go soiléir go ndearna Íosa ionadaíocht ar ár son ar an gcrois. Ní fhéadfainn é a chur níos fearr ná mar a dúirt Isaiah 53:5: “Goineadh é as ucht ár gcoireanna, bascadh é as ucht ár gcionta. Airsean a cuireadh an pionós a thug sláinte dúinn agus trína fhearbacha tháinig cneasú orainne”. ( Cialaíonn sé seo gur thóig Críost air féin an pionós ba cheart domsa a fhulaingt ar son mo pheaca. Ós comhair an Athar, cuireann mé mo mhuinín in Íosa mar mo ionadaí.) Scríobhadh na focla sin 750 bliain roimh chéasadh ár dTiarna. Tamall beag tar éis na híobairtí ar an gcrois deir an Bíobla , 1 Peadar 2:24: “D’iompair Sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d’fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh”. De bharr gur thug muid ár nádúr peacúil ó Ádhamh, tá muid go léir peacúil agus ní shroicheann muid Glóire Dé. Cén chaoi gur féidir linn seasaimh ós comhair Dia Naofa- ach amháin i gCríost- agus a aithint go bhfuair Seisean bás nuair ba chóir dúinne bás a fháil. Tugann Dia an grásta dúinn a bheith athbheirthe chun go mbeadh sé ar ár gcumas Críost a aithint mar ionadaí ar ár son. Ba É Críost a d’íoc an praghas ar ár bpeacaí: cé go raibh Sé saor ó pheaca céasadh É. Seod é fíor theachtaireacht an tsoiscéil. Ar leor creideamh? Is leor. Is leor creideamh athbheirthe. Beidh dea-oibreacha mar thoradh ar an gcineáil sin creideamh, a thagann ó Dhia, chomh maith le aithrí: “Is dá dhéantús sinn mar gur cruthaíodh i gCríost Íosa sinn chun ár saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha a bhí ullamh roimh ré dúinn ag Dia” (Eif. 2:10). Nuair a dhéanann muid aithrí, cuireann muid go leataobh, trí neart Dé, an saol a chleacht muid agus na peacaí a chleacht muid. Ní chiallaíonn sé nach féidir linn peaca a dhéanamh níos mó, ach ciallaíonn sé go bhfuil ár staid ós comhair Dé athraithe. Tugtar clann Dé orainn, mar go deimhin is clann Dé sinn. Má dhéanann muid peaca is de bharr fadhb é sa mbaint nó sa ngaol atá againn leis an Athair agus is féidir é sin a leigheas, ní fhéadfadh sé go dtarlódh sé go gcaillfeadh muid ár staid mar leanbh Dé mar is staid é sin nach féidir a athrú. Is iontach an chaoi a gcuireann an Bíobla é in Eabhraigh 10:10 : “…naomhaíodh sinn tríd an ofráil a rinne Íosa Críost dá chorp féin an t-aon uair amháin ar fad.” Is leor agus is iomlán obair Íosa Críost ar an gcrois. Nuair a chuireann tú do mhuinín san obair iomlán seo amháin, beidh beatha iomlán agat atá tagtha ón Spiorad- beidh tú athbheirthe. An Lá Atá Inniu AnnIs é an dualgas atá orm faoi láthair mar shoiscéalaí, ná an saothar maith atá leagtha amach ag an Tiarna le déanamh agam faoi láthair sa gceantar Thiar Thuaidh de na Stáit Aontaithe. Deireann mé an rud céanna faoi mo bhráithre Caitilicí a bhfuil cion agam orthu agus mar a dúirt Pól faoina chomhIúdaigh: is é mian mo chroí agus mo phaidir chun Dé ar son Caitilicí go mbeidh siad slánaithe. Is féidir liom a rá fúthu go bhfuil siad díograsach i gcomhair Dé ach níl a ndíogras bunaithe ar fhocal Dé ach ar thraidisiún a n-eaglais. Má thuigeann tú an dúthracht agus an leatrom a bhaineann leis an gcaoi a gcleachtann ár mbráithre a gcreideamh sna Filipíní agus i Meiriceá Theas b’fhéidir go dtuigfear freisin glao seo mo chroí: “ A Thiarna, cuir trua ionainn chun tuiscint a bheith againn ar an bpian agus an crá a théann ár mbráithre tríd agus iad ag iarraidh Tú a shású. De bharr ár dtuiscint ar an bpian a bhíonn i gcroíthe Caitilicí beidh fonn orainn an Nuacht Maith faoi obair chríochnaithe Chríost ar an gCrois a inseacht dóibh.” Taispeáineann mo theistiméireacht féin cé chomh deacair agus a bhí sé agamsa mar Chaitiliceach traidisiún na hEaglaise a thabhairt suas, ach nuair a iarann an Tiarna orainn é ina Fhocal, caithfidh muid é a dhéanamh. Bíonn sé deacair ag an gCaitiliceach a fheiceáil cén áit a bhfuil an fhadhb dáiríre mar gheall ar “an saghas diagachta” atá ag an Eaglais Chaitiliceach Rómhánach. Caithfidh gach duine a shocrú dó féin, ar cén t-údarás a gcuirtear eolas ar an fhírinne. Deireann an Róimh gur trína h-údarás féin amháin a thugtar ar an fhírinne. Ina focail féin deireann Canon 212, Alt 1, “ Nuair atá na firéin Críostaithe ag aithint a bhfreagracht féin, tá siad faoi cheangal umhlachta Chriostúil glacadh le pé ar bith a fhógraíonn na h-aoirí coisricthe, ina n-ionadaí ar Chríost, mar theagascóirí an chreideamh nó mar chinnirí na hEaglaise. (Cóid an dlí Canónach fógraithe ag an bPápa Eoin Pól 2, 1983, bunaithe ar Chomhchomhairle Vatican a ii). Ach fós chomh fada is a bhaineann sé leis an mBíobla is é Focal Dé féin an t-údarás lena dtagtar ar an fhírinne. Ba de bharr traidisiún a bhí déanta ag daoine a d’iarr leasaitheoirí “ An Bíobla amháin, Creideamh amháin, grásta amháin, i gCríost amháin agus an ghlóir do Dhia amháin.” An Fáth go Bhfuil Mé ag RoinntTá mé ag roinnt na fírinní seo leat anois ionas go mbeidh eolas agat ar bhealach Shlánaithe Dé. Is é an locht atá orainn mar Chaitilicí go gceapann muid go bhfuil muid in ann as ár gconlán féin freagairt a dhéanamh muid féin as an gcabhair a thugann Dia dúinn – ionas go ndéanfar ceart muid ina shúile. Tá sainmhíniú tugtha ag Teagasc Críostaí na hEaglaise Caitilicí (1994) uimhir 2021, ar an réamh thuairim seo atá ag go leor againn le blianta, “Is grásta é an cúnamh a thugann Dia dúinn chun freagairt don ghairm atá againn mar chlann altrama…”Taobh istigh den mheoin seo, bhí muid ag glacadh i ngan fhios dúinn féin le teagasc a bhíonn an Bíobla a cháineadh i gcónaí. Is sainmhíniú é seo atá déanta suas go cúramach ag an duine, mar bíonn an Bíobla ag rá go seasmhach go seasann an creidmheach le Dia “…gan spleáchas do ghníomhartha” (Rómh. 4:6) “…gan spleáchas d’oibreacha an dlí” (Rómh. 3:28), “…ní de bharr oibreacha” (Eif.2:9) “is tabhartas é ó Dhia” (Eif. 2:8). Má déantar iarracht freagairt an chreidmhigh a bheith mar chuid den tslánú agus má bhreathnaítear ar ghrásta mar chúnamh, ansin séantar fírinne an Bhíobla: “Agus más trí ghrásta a toghadh iad ní trí oibreacha é, mar dá mba ea níor ghrásta an grásta a thuilleadh” (Rómh. 11:6). Is é teachtaireacht shimplí an Bhíobla ná gur bronntanas é “brontannas an chirt” in Íosa Críost, ag glacadh lena íobairt iomlán ar an gcrois: “Más trí choir an aon duine amháin a tháinig an bás i réim tríd an aon duine amháin, is mó go mór ná sin a bheidh réimeas na beatha tríd an aon duine amháin, Íosa Críost, acu siúd a fhaigheann flúirse den ghrásta agus de thabhartais na fíréantachta.” (Rómh: 5:17) Tá sé mar a dúirt Íosa Críost É féin é, fuair sé bás ar son an chreidmhigh, an tAon ar son an mhórán (Marc. 10:45), A shaol mar chúiteamh ar son mórán. Mar a dúirt Sé “Óir is í seo m’fhuilse an tiomna, atá le dóirteadh ar son mórán chun peacaí a mhaitheamh” (Math. 26:28). Sin é a d’fhógair Peadar freisin, “ Óir fuair Críost bás an t-aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d’fhonn sin a thabhairt i láthair Dé…” (1 Peadar 3:18). Déantar achoimre ar sheanmóireacht Phóil ag deireadh 2 Coir. 5:21, “Mar an té úd nárbh eol dó peaca, rinne Dia peaca de ar mhaithe linne, d’fhonn go ndéanfaí dinne fíréantacht Dé ann”. Tá an fhírinne seo, a léitheoir dílis, curtha i láthair go soiléir duit sa mBíobla . Tá sé ordaithe ag Dia glacadh leis: “Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal” (Marc 1:15). Thóig mé sleachta ón mBíobla as leagan An Bíobla Naofa, Maigh Nuad, 1992. |